Fiontraithe óga ag díriú ar Chraobh Fiontraíochta Gaeltachta na hÉireann

adminNational

Beidh daltaí idirbhliana as Pobalscoil Chorca Dhuibhne i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, agus Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall ag coinneáil súil ‘fhíorúil’ amháin ar an Eoraip agus iad ag réiteach do Chraobh na hÉireann de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta, 2021 a reáchtálfar ar líne ar an 22 Aibreán 2021.

Beidh deis ag buaiteoirí Chraobh na hÉireann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Comhlacht na Bliana Chomórtas Junior Achievement na hEorpa 2021 a reáchtálfar go fíorúil ar líne chomh maith i mí Iúil i mbliana de bharr srianta COVID-19.

Beidh iomaíocht ghéar idir an 6 mhionchomhlacht as Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí chun an Chraobh a thabhairt leo. Craobh náisiúnta aon lae a bheidh i gceist i mbliana a reáchtálfar ar an 22 Aibreán 2021 agus beidh na daltaí ag ceangal isteach ón scoil agus ag cur a ngnó os comhair na moltóirí ar líne trí fhíseán ghairid réamhdhéanta, pleananna gnó agus agallamh.

Ba iad na fiontair ‘Cártaí Feasa’ agus ‘Bain Triail as Leabhair do Leanaí’ as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Craobh Réigiúnach an Deiscirt den Chomórtas. ‘An Saol Veigeáin’ as Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus ‘Earraí BOSSK’ as Gaelcholáiste Chomáin a bhuaigh Craobh Réigiúnach an Iarthair. ‘Cluasa Cliste’ as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus ‘DSG Adhmad’ as Gairmscoil Chú Uladh a thug an bua leo ag Craobh Réigiúnach an Tuaiscirt den chomórtas.
Tá na foirne ar fad ag súil go rachaidh siad i bhfeidhm ar na moltóirí ag an gCraobh Náisiúnta chun an deis a thapú a bheith san iomaíocht ag Comórtas na hEorpa.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh trí Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI) agus atá á mhúineadh do 750 dalta idirbhliana i gceantair Ghaeltachta trí Ghaeilge ag meantóirí gnó deonacha. Is í seo an tríú bliain go mbeidh deis ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta páirt a ghlacadh i gCraobh na hEorpa den chomórtas.

Na Foirne
– Cártaí Feasa, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Cártaí beannachtaí iad seo a insíonn scéalta bhéaloidis na hÉireann, tá cód QR ar chúl an chárta atá le scanáil a thabharfaidh na custaiméirí chuig láithreán gréasáin leis an scéal béaloidis iomlán a fháil.
– Bain Triail as Leabhar do Leanaí, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Leabhair oideachais do leanaí i nGaeilge chun pianó, bailé agus tarraing phictiúir a fhoghlaim.
– An Saol Veigeáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Chuir na daltaí leabhar cócaireachta dátheangach ar fáil do dhaoine a bhfuil an saol véigeáin uathu. Tá 19 oideas sa leabhar chomh maith le fíricí faoi veigeánachas agus déantar cur síos ar an aiste bia seo agus an tionchar atá aige ar an tsláinte, an timpeallacht agus an tionchar ar ainmhithe

– Earraí BOSSK, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Cruthaigh na daltaí sa scoil seo pictiúr le fráma ina bhfuil ainmneacha na clainne greanta air ag úsáid ealaín Scrabble. Is féidir aon ainm a chur isteach sna frámaí seo.
– Cluasa Cliste, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Is éard atá bunaithe ag an gcomhlacht Cluasa Cliste ná fáinní cluasa ealaíonta a chuireann féiniúlacht an duine féin chun cinn. Tá na fáinní cluasa déanta as ábhair éagsúla agus earraí athchúrsáilte, táirge uathúil agus pearsanta atá anseo.
– DSG Adhmad, Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall
Cruthaigh na daltaí sa scoil seo clár mionghearrtha le lorg speisialta do chustaiméirí. Déantar na chláir as adhmad áitiúil. Beidh an-tóir ag daoine ar an táirge álainn lámhdhéanta seo.

Student Entrepreneurs set their sights on All Ireland Gaeltacht Entrepreneurial Final

Transition year students in Pobalscoil Chorca Dhuibhne in Daingean Uí Chúis, Co. Kerry, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. Galway, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mayo, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, agus Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear Co. Donegal will keep a ‘virtual’ eye on Europe as they make their final preparations for the All-Ireland Final of the Údarás na Gaeltachta Clár na gComhlachtaí Competition 2021 which will be held online on 22 April 2021.

The winners of the All-Ireland Final will represent Ireland at the Junior Achievement Europe Company of the Year Competition 2021 which will also be held online in July due to COVID-19 restrictions.

Six student mini-companies from Donegal, Mayo, Galway, and Kerry will battle it out in this year’s national final. The one-day national final will see students logging in from school to present their businesses to the judges using a short promotional video, business plans and an in-depth interview.

‘Cártaí Feasa’ and ‘Bain Triail as Leabhair do Leanaí’ were established by students from Pobalscoil Chorca Dhuibhne and won the joint honours at the Southern Regional Final. The joint winners of the Western Regional Final were ‘An Saol Veigeáin’ from Scoil Chuimsitheach Chiaráin and ‘Earraí BOSSK’ from Gaelcholáiste Chomáin. The Donegal Regional Finals were won by ‘Cluasa Cliste’ from Pobalscoil Ghaoth Dobhair and ‘DSG Adhmad’ from Gairmscoil Chú Uladh. All teams hope that they can impress the judges at the National Final in order to compete for European glory.

The Údarás na Gaeltachta Clár na gComhlachtaí programme is a hands-on business learning experience developed and delivered by Údarás na Gaeltachta in partnership with JA and is taught by business volunteers through the Irish language to 750 transition year pupils in Gaeltacht regions. This is the third time that the winners of the Údarás na Gaeltachta’s Clár na gComhlachtaí will have the opportunity to participate at the European level of the competition.

The Teams
– Cártaí Feasa, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
The product is a greeting card telling the story of Irish folklore tales and contains a QR code on the back which customers can scan bringing them to the website with the entire folklore story.

– Bain Triail as Leabhair do Leanaí, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
The products created here are Irish educational children’s books teaching students about how to learn piano, ballet and how to draw.

– An Saol Veigeáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
The pupils created a bilingual vegan recipe book. The book contains 19 recipes, as well as some facts about veganism. The book describes the benefits of a vegan diet on health, the environment and animals.

– Earraí BOSSK, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
The product created by the pupils here is a framed picture with the names of family members made in the form of Scrabble arts. Any name can be added to a frame.

-Cluasa Cliste, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Donegal
Cluasa Cliste created a product that would allow self-expression through art. The company makes earrings from a range of materials found around the house and upcycled materials. A very unique and personal product.

– DSG Adhmad, Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Donegal
These unique and practical chopping boards come with a personalised touch for each customer. The wood is sourced locally and will appeal particularly to those who love handcrafted products.